2014-11-23

An Dán is Fearr sa Ghearmáinis?

Tá amhráin ealaíne nó Lieder á n-aistriú agam ón nGearmáinis go Gaeilge. Cuid de na liricí, abraimis na liricí le Wilhelm Müller, ní thabharfadh éinne ardfhilíocht orthu ach, ar ndóigh, tá liricí eile ann, le Goethe, Eichendorff, Schiller agus Heine, abraimis, agus is filíocht den chéad scoth atá iontu. Agus an dán is fearr ar fad sa Ghearmáinis? Hälfte des Lebens le Friedrich Hölderlin, dar liom féin agus b’in an tuairim a bhí ag m’athair, leis. 

Is aisteach le rá é, breis is míle dán Gearmáinise aistrithe go Gaeilge agam agus níor thugas faoin gceann áirithe seo go dtí anois.

Tá ceol curtha ag dosaen éigin cumadóir leis, ina measc Seán Ó Riada agus Benjamin Brittan. Is cuimhin liom im dhéagóir dom a bheith ag éisteacht leis an gcóiriú a dhein an Riadach ar dhán cáiliúil Hölderlin. Is fíor-annamh a chloisfeá an taifeadadh sin na laethanta seo.



File: Friedrich Hölderlin
Cumadóir: Tá breis is deichniúr cumadóirí ann a chuir ceol leis an dán cáiliúil seo, Seán Ó Riada agus Benjamin Brittan ina measc.
 

Éist le Martin Feifel agus an bundán á aithris aige:


Hälfte des Lebens

Mit gelben Birnen hänget
Und voll mit wilden Rosen
Das Land in den See,
Ihr holden Schwäne,
Und trunken von Küssen
Tunkt ihr das Haupt
Ins heilignüchterne Wasser.

Weh mir, wo nehm' ich, wenn
Es Winter ist, die Blumen, und wo
Den Sonnenschein,
Und Schatten der Erde?
Die Mauern stehn
Sprachlos und kalt, im Winde
Klirren die Fahnen.

Leath an tSaoil

Le piorraí buí ar crochadh,
Is rós’nna ag cur thar maoil,
An tír sa loch glé,
A ealaí gleoite
Ar meisce le póga
Tumann sibh síos
Sna huiscí beannaithe maorga.

Faraor, cá bhfaigheadsa
Na bláthanna, i lár an gheimhridh
Is teas na gréin’
Is scáthanna an domhain?
Ná múrtha, Ó,
Balbh is fuar, is gliogar
Na gcoileach gaoithe.