File/Cumadóir: Stephen Foster
|
Tóg do shos i measc pléisiúir is comhair na deora muar’
Inár gcroí bíodh lucht an anró, Tá amhráinín a fhanfaidh go deo inár gcluas Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó. Sé amhrán, ochlán na ndaoine é Drochshaol, Drochshaol, ná bí linn níos mó, Tá tú tamall id’ sheasamh amuigh ansin sa chlós Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó. Insa tóir dúinn ár áilleacht, ar aeraíocht is ar cheol Tá na bochtáin lag amuigh sa chlós Cé nach labhraíonn siad puinn, ’sé tá ar a mbeol: Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó. Ó nach mílítheach ise, ag sclábhaíocht mar atá Tá a croí bocht ina crotal cnó, Is ní chloistear a thuilleadh aon rann aici á rá Ach Drochshaol, ná bí linn níos mó. Osna í atá caite na tonnta suaite anonn Ar an trá cloistear í mar olagón Is cois uaighe ina cogar a chloisimid an fonn Ó, Drochshaol, ná bí linn níos mó. |