2021-05-05

Na Seascaidí

 Ar crith a bhí an t-aer sna Seascaidí
agus teachtaireachtaí dofheicthe
ag teacht as ceithre hairde na cruinne chugainn
agus tugadh cluas don Fháidh, Kahlil Gibran:

        Mar phunanna arbhair, cnuasaíonn sé             
        chuige féin thú.
        Buailtear thú chun go mbeifeá nocht.
        Criathraítear thú le bheith saor ón gcrotal.
        Meiltear i do bháine ar fad thú.
        Fuintear thú le bheith solúbtha.
        Cuirtear sa tine bheannaithe aige ansin thú              
        le go mbeifeá i d’arán beannaithe                  
        ag séire beannaithe Dé . . .

Agus bhí daoine nach raibh An Fáidh léite acu
agus bhí fionnaitheacht orthu –
breithiúna, polaiteoirí, an chléir
gach crann taca a bhí ag an tsochaí
bhí rud éigin ag teacht agus ní raibh a fhios acu
cad a bhí ann
mar is á ghaibhniú i gcroíthe nua a bhí sé
agus bhí na fathaigh ar crith
J P Morgan
an t-arm
infheistitheoirí:
criathrófar sinn
meilfear sinn
fuinfear sinn
cuirfear sa tine bheannaithe sinn!

Agus shuíodar síos
agus ghealladar go sollúnta

nach dtarlódh na Seascaidí go deo arís.