2023-07-26

Muca

            Ealaín: Leonard Leslie Brooke


‘An muca nó daoine sinn, a Mhamaí?
Is ar dhá chos atáimid ag siúl!’

 ‘Ó, déarfainn gur daoine sibh,’ arsa Mamaí,
‘Caithfidh mé sibh a thabhairt go dtí an táilliúr!

Beidh stocaí uaibh freisin agus bróga,
Cúpla léine agus cúpla ciarsúr,

Agus beidh oraibh Béarla a fhoghlaim –
Teanga an dreama atá i gcumhacht!’