2022-10-07

Bás na hEilifinte Bradaí

 
Nuair a chualathas búir dheireanach
na heilifinte bradaí os cionn dhúshraith
na dtithe leath-thógtha, ar seisean leis féin:

An gar dom nó i gcéin í an fhoraois?
Smál ar an tráthnóna iad dorchadas
is uaigneas na foraoise dlúithe:
ach, scaipthe máguaird
tá an ardchathair neamhchríochnaithe.

Is folamh iad na sráideanna -
nach leathan is nach fada iad
trasna ar a chéile gan stad
gan de thithe ann ach an dúshraith
a shíneann chun na síoraíochta
cuimhne ar an bhfarraige áit éigin

Búir dheireanach na heilifinte bradaí
a leagann piléar é
búir a imíonn go mall sa tost
duibhe an chlapsholais
agus an dobrón sniogtha aige
chomh maith le fuil spéir an tráthnóna

Mise amháin  . . .
mise amháin atá ag siúl
n'fheadar cad ina thaobh
thar bhallaí neamhchríochnaithe na dtithe seo.

N. N. Kakkad