2022-10-18

Ceithre Chapall Chróga

Ghabh ceithre chapall chróga
amach ar sodar.
 
Ceann acu bán, ceann acu dubh
ceann acu rua, ceann acu donn.
 
Ceithre chos faoi cheann acu,
trí chos faoin gceann eile,
dhá chos faoin tríú capall
is an ceathrú capall ar leathchos.
 
Arsa an capall ar leathchos
leis an gcuid eile:
Tá uair an damhsa buailte linn,
a chairde gaoil,
damhsaímis ar chrúb amháin.
 
Bhíodar ar fad faoi dhraíocht
is cuireadh tús leis an damhsa.
Thit an capall ceathairchosach i bhfanntais ar an dtoirt,
sciorr an capall tríchosach is thit,
bhí an capall déchosach ag bacadaíl, baineadh tuairt as
b’é an capall ar leathchos, eisean amháin
a dhamhsaigh gan stad.

K. Ayyappa Paniker