2023-04-06

Nuair a Bhí Uncail Toby ina Mhac Léinn

Nuair a bhí Uncail Toby ina mhac léinn
Thaitin sé go mór leis bheith ag léim

Léimeadh sé thar gheata, léimeadh thar chlaí
Léim sé i Meiriceá agus léim i gCiarraí

Léimeadh sé thar bhalla, léimeadh thar chnoc
Léim sé sa Rúis is i mBaile na bPoc

Léimeadh sé thar lochán, léimeadh thar dhraein
Léim sé i nGailimh, léim i mBairéin

Léimeadh sé thar bhóthar, léimeadh thar lána
Léim sé i gCorcaigh, léim i nGána

Léimeadh sé thar lochanna, léimeadh thar shrutháin
Go dtí gur bhris sé a chos chlé san Úisbéiceastáin.