2022-05-10

Kenneth White: Fánaí ar Chonair an Haiku

Kenneth White (Scottish Poetry Library)
Tamall maith de bhlianta ó shin chuireas Kenneth White i láthair ag léamh filíochta san Alliance Française, BÁC. Mhaslaigh Brendan Kennelly é: Cathaoirleach Ealaín na Filíochta san Fhichiú hAois sa Sorbonne á ionsaí ag Ollamh ó Choláiste na Tríonóide. Dochreidte! Ach deirtear gur measa an naimhdeas idir ollúna áirithe agus an t-aighneas idir Putin agus Zelensky  . . .

Albanach é White agus cónaí air le fada ar chósta thuaidh na Briotáine, mar sin ní hionadh go dtarraingíonn sé ar scoláirí Ceilteacha – Robin Flower, Kuno Meyer agus Kenneth Jackson – agus comparáid á déanamh aige idir an litríocht Cheilteach agus sensibilité na máistrí haiku. Mar a deir Jackson,

‘The most striking quality about the early medieval Celtic literatures, the more striking when one compares them with other contemporary literatures of Europe, is their power of vivid imagination and freshness of approach  . . .’

Is ar an úire, seachas aon ní eile, a leagann White an bhéim sa leabhar Eyes Wide Open (The Fishing Cat Press, BÁC, 2021). Úire agus folús. Is féidir an leabhar a ordú anseo:



Cúpla haiku de chuid Kenneth White:

cad a thug air
filleadh ar an oileán tréigthe úd?
ceannbhán sa ghaoth

níl a scáil fiú le feiscint
ach is ann dó
an cruidín

níos sia siar fós
grian bhán ag lonrú
ar charraig eibhir

maidneachan
rónta ag tafann
muir cheobhránach

carraigeacha dearga
faoi ghrian na maidine
agus scairt bhán na bhfaoileán