2022-05-19

Ómós do Mháire Mhac an tSaoi

San eagrán reatha den iris Poetry Ireland Review (Uimh.136) tá ómós don fhile Máire Mhac an tSaoi, beanacht Dé léi. Is iad na filí Gaeilge a bhfuil dánta acu ann in ómós di ná Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson, Stiofán Ó hIfearnáin, Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Caitríona Ní Chleirchín, Pádraig de Bhál agus mé féin. Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir Gaeilge na hirise.

Tá aiste ann i mBéarla ag Bríona Nic Dhiarmada a bhainfidh preab as daoine áirithe. Go hachomair, cuirtear i leith Mháire go raibh sí ina fuathaitheoir ban. 

Ceist: Cén fáth a mbeadh Máire frithbhanda? 
 
Fuath ban de shaghas ar leith a bhí ag Máire don bhantracht, dar le Bríona, 
  'a form of misogyny felt by many highly able and intelligent women of her generation who suffered prejudice and discrimination because they were women . . . who lacked the political insights of contemporary feminism with its critique of patriarchy  . . .'
An fíor sin, áfach? Seans maith gur thuig Máire Mhac an tSaoi go maith cad is feimineachas ann (cén fáth nach dtuigfeadh?) ach nach raibh aon fhonn uirthi ionsaí a dhéanamh ar fhearaibh. Go deimhin, ar lch 788 den duanaire Cnámh agus Smior/ Bone and Marrow (Wake Forest University Press, 2022) deirtear go raibh 'fuath a chomhfhilí ar mhná á chur ó dhoras aici, sa dán Cad is Bean? Tá níos mó ná léamh amháin ar an dán sin, is cosúil.

Tá an duanaire sin Cnámh agus Smior cáinte agam ar chúiseanna eile:

Seans maith gur thuig Máire go maith cad is feimineachas agus patrarcacht ann ach nár theastaigh uaithi go dtarraingeofaí síos an bóthar áirithe sin í - ná bóthar idé-eolaíochta ar bith - mar nach ceart go mbeadh file ar bith róghafa le haon ní seachas ilmhistéirí na filíochta féin. Bhí comhrá fada agam léi mar gheall air sin uair amháin.

An bhfuil sé éigeantach anois go mbeimis ar fad inár bhfeiminigh? An gcaithfidh gach file, gach criticeoir a bheith ina fheimineach? Gach jacaí? Gach Pápa?

Bhí grá ag Máire Mhac an tSaoi d'fhearaibh. Cén fáth a liostálfadh sí i gcrosáid ina n-aghaidh mar a dhéanfadh óinseach! Is cuimhin liom nuair a casadh Máire orm i nDún Chaoin, lá, agus Conor Cruise ina teannta. Chur sí in aithne dhom é láithreach. Ba léir go raibh sí bródúil as agus fiorcheanúil air. Chuimhníos air sin nuair a scríobhas dán ómóis di d'Iris Éigse Éireann:

Conchúr agus Máire

Is cuimhin liom, a Mháire,
Nuair a chuiris Conchúr in aithne dhom
(I nDún Chaoin a bhíomar):
Conas tánn tú, ar seisean.
 
Mheasas go raibh sé á chleachtadh le fada!
Rófhada.
Conas tánn tú - bhí sé aige, nach mór -
Agus bheadh, dá dtógfadh sé go réidh é
Ach bhí sé leath-thachta ag an diabhal conas tánn tú sin.
 
D'fhan na focail ar foluain eadrainn
Mar bhultúir
A bhí ar tí duine againn a shlogadh.
Conas tánn tú.
Ar aon nós  . . .
 
Ní rabhas in ann é a fhreagairt.
Is ceist í nach bhfuilim in ann a fhreagairt.
Conas tánn tú? N'fheadar.
Cuibheasach gan a bheith maíteach?
Ag stracadh liom?
Dhera, tá's agat féin . . .
 
Thosnaíos ag portaireacht faoi rún:
"Táimse 'gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar cairde 'gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í 's go brách brách ní scarfaimid.
 
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó . . ."
 
Conas tánn tú.
Táim i bhfad Éireann níos fearr 
Ag freagairt ceisteanna ginearálta
Nó ceisteanna faoin litríocht cuir i gcás.
(Bhíothas á thuar uair amháin go raghainn le Béarla).
Mar shampla:
Cé dó an tagairt seo san Athenae:
 
     "This poet and preacher 
     being towards his latter end crazed, 
     and thereupon brought into debt, 
     was at length committed to the prison 
     in Allhallows parish . . ."
 
Aon tuairim agat, a Chonchúir?
A Mháire?
Freagra: An tOirmhinneach Thomas Bastard.
 
Bhuel, ar aon nós  . . .
Conas tánn tú, a Chonchúir?
Conas tá tusa, a Mháire?