2023-09-15

Sól



Chuaigh Uncail Toby ag iascaireacht,
Tháinig sé abhaile le sól
Agus d'itheamar é le chéile
Go mall ar ár sáimhín só.

Ach fuaireas amach ina dhiaidh sin
Gur i siopa a fuair sé an sól.
Conas a bhí sé in ann íoc as?
(Tá Toby bocht ar an dól).