Nuair ba mhian ar fán sa cheo a bhí ionat, bhíos-sa leis ann im' mhian ar fán. Lorgaíomar a chéile ansin agus sa díograis sin cruthaíodh aislingí. Agus is é a bhí sna haislingí sin an t-am gan teorainn, agus is é a bhí sna haislingí sin spás nach féidir a thomhas. Agus nuair ba bhriathar tostmhar thú ar bhéal creathánach na beatha, bhíos-sa leis ann, briathar tostmhar eile. Ansin, labhair an bheatha sinn agus thángamar anuas trí na cianta, cuimhní ionainn ag preabadh ón lá inné agus dúil againn sa lá amárach. Mar is é an bás cloíte a bhí sa lá inné agus tóir ar an mbreith a bhí sa lá amárach. Kahlil Gibran |