2023-06-06

Dornálaíocht agus Deargamadántaíocht

 

Ealaín Sráide, Baile Átha Cliath (Creative Commons)

Mhúin Uncail Toby dornálaíocht dom
Nuair a bhíos-sa an-óg:
"Níl aon mhaith ionat," ar seisean,
"Ní ghortófá cuileog!"

"Ní ghortóinn! Tá an ceart agat,
Ná seilide, ná seangán!
Éinne a ghortódh cuileoigín
Níl ann ach deargamadán!"