As an leabhar REDNECK HAIKU le Mary K. Witte, foilsithe ag Santa Monica Press, 2003.
1
dul chuig an bhfiaclóir?
chuaigh Daideo ann – féach anois air
mantach!
2
i bpóca léine Jake – seanchipín
a ghlanann a chluasa, a chíor,
a chuid ingne, a chuid fiacla
3
cuairt ar Las Vegas –
loite nuair a gabhadh mamó
as noctadh mígheanasach
4
col ceathrair ar an teilifís –
thug eachtráin cuairt air
scrúdaigh siad a thóin
5
dóthain adhmaid a ghearradh
chun an tigh a théamh sa gheimhreadh –
coinníonn sé mamó gnóthach
6
gránghunna faighte
ag Bobby Lee ar a lá breithe –
líon na gcat ag dul i laghad
7
teachtaireacht ghlórphoist ó Clyde:
“más liomsa an leanbh
ainmnigh im’ dhiaidhse é!”
8
an t-aon aturnae
a bhfuil muinín ag Daideo as –
gránghunna dhá bhairille
9
scairt an coileach
sular bhlais mamó dá caife maidine –
é ar suanbhruith anois ar an sorn