2021-09-03

Chomh Fairsing leis an Domhan

 


Tharla cor ait sa séasúr
Agus d’iompaigh gach cuid dem’ cholainn
Ina hainmhí nó ina héan, agus
Chuaigh ag fánaíocht óm’ thaobh
 
Tháinig cuid acu ar ais as a stuaim féin
Is minic go mb’éigean a lorg a leanúint
Is tugadh abhaile mar chaoirigh fáin iad
D’imíodar ansin arís, mar a bheadh ar oilithreacht
Is iad ag dul amú mar sin go rialta
Is gearr gur chuadar thart ar achar uile an Ama
 
Tá sé tamall anois ó chuadar a mbealaí difriúla
Sa tóir ar uisce nó ar thalamh
Níl fhios agam a thuilleadh
Ná ní thabharfainn buille faoi thuairim
Cá mbeidís ag fálróid
Síos suas
Ar an mbóthar abhaile, bolaithe
Is guthanna ó thíortha i gcéin á n-iompar acu,
Ag innilt ar mo cholainn go léir,
M’fhéiniúlacht á suaitheadh is á hathshocrú acu
 
Chuaigh roinnt cailíní ag bailiú connaidh
Sa dufair
Thánadar ar ais is dúradar go bhfacadar
Mo phis mar fhéileacán,
Ag eitleallaigh i measc na gcnoc.
Malathi Maithri