2021-09-02

Dornán Haiku ón tSeapáin

 なほ北に行く汽車とまり夏の月  
nao kita ni yuku kisha tomari natsu no tsuki

stopann an traein
sula leanann uirthi ó thuaidh
gealach shamhraidh
Teijo Nakamura (1900-1988)


秋近し消しゴム急に痩せにけり  
aki chikashi keshigomu kyuu ni yasenikeri

an fómhar ag teannadh linn
go tobann éiríonn an cuimilteoir
tanaí
Takachika Matsuura

その声は風のさみしさ青葉木菟 
sono koe wa kaze no samishisa aobazuku

uaigneas na gaoithe
atá ina ghlór
an t-ulchabhán seabhaic donn
Toroshi Sasaka

アイスクリームなめてかなしき話きく   
aisukuriimu namete kanashiki hanashi kiku

uachtar reoite á lí agam
is mé ag éisteacht
le scéal brónach    
Fukuko Iwasaki

蟻の列出過ぎし蟻を直してやる  
ari no retsu desugishi ari o naoshite yaru

líne seangán
cuirim ar ais
an ceann atá as áit
Hiroshi Ohmaki (1931 -2019)

螢火をかき消すほどの雨ならず 
hotarubi o kakikesu hodo no ame narazu

soilse lampróg
níl an bháisteach sách láidir
chun iad a mhúchadh
Yumiko Katayama

雷の下キャペツ抱きて走り出す         
rai no shita kyabetsu idakite hashiridasu

stoirm thoirní
tosaím ag rith
agus dos cabáiste im’ bhaclainn
Hakyo Ishida (1913-1969)

かはほりや空に残れる夕明り 
kawahori ya sora ni nokoreru yû-akari

sciatháin leathair –
solas an tráthnóna
fós sa spéir
Kokushi Ohno

桜桃をひとつ残してみて孤独       
ôtô o hitotsu nokoshite mite kodoku

fágaim silín amháin
i mo dhiaidh
uaigneas
Hajime Kotaki

靴下に大きな穴やバナナ食べ 
kutushita ni ôkina ana ya banana tabe

poll mór
i mo stoca –
ithim banana
Kirin Nishimura

置手紙トマト重しに使はれて 
okitegami tomato omoshi ni tsukawarete

nóta fágtha 
im’ dhiaidh agam
tráta mar thromán páipéir
Hanako Eto

命透け海月に秘するものはなし 
inochi suke kurage ni hisuru mono wa nashi

is trédhearcach é a shaol
níl faic le ceilt
ag an smugairle róin
Kazuyo Eguchi


忘るるなこの五月この肩車
wasururuna kono gotatsu kono kataguruma

ná dearmad mí na Bealtaine
is tú ag marcaíocht
ar mo ghuaillí
Katsuhiro Takayanagi

さくらんぼさくらんぼ女の子欲し
sakuranbo sakuranbo onnnanoko hoshi

a shilín
a shilín
tá iníon uaim
Misato Kubota


春の虹消えぬ間に出す手紙かな 
haru no niji kienu ma ni dasu tegami kana

sula n-imíonn
bogha ceatha an earraigh
cuirim litir sa phost
Tomohiko Murakami


チューリップ散る一片はゴッホの耳  
chûrippu chiru ippen wa gohho no mimi

tiúilip
cluas van Gogh
é an peiteal a thit
Akito Arima (1930-2020)

行く鴨にまことさびしき昼の雨  
yuku kamo ni makoto sabishiki hiru no ame

lachain ag imeacht
is brónach í báisteach na hiarnóna
go deimhin
Shuson Kato (1905 -1993) 

木の塩の乾びて春浅し 
ryûboku no shio no karabite haru asashi

salann á thriomú
ar adhmad farraige . . .
tosach an earraigh
Toshio Saikusa

北風やイエスの言葉つきまとふ 
kitakaze ya iesu no kotoba tsukimatou

an ghaoth aduaidh –
briathra Íosa
do mo leanúint
Asuka Nomiyama (1917-1970) 

の蠅また日だまりを舐めにくる  
fuyu no hae mata hidamari o name ni kuru

cuil gheimhridh
tagann sí chuig ball gréine arís
chun é a lí
Shun Kamata

海に降る雪貝殻に積もる雪  齋藤真理子
umi ni furu yuki kaigara ni tsumoru yuki

titeann sneachta ar an muir
sneachta á charnadh
ar shliogáin mhara
Mariko Saito 

みかん剥く二つ目はより完璧に 
mikan muku futatsume wa yori kanpeki ni

ag scamhadh oráistí
an dara ceann níos foirfe
ná an chéad cheann
Kirin Nishimura

再びは生れ来ぬ世か冬銀河   
futatabi wa umarekonu yo ka fuyuginga

ní shaolófar arís
anseo mé  . . .
réaltbhuíon sa gheimhreadh
Ayako Hosomi (1907 -1997)