2021-09-23

M'aitheantas Nua



Bhí sos nóna á ghlacadh ag an ngealach,
cuardach á dhéanamh ag saighdiúirí ar bhróga
is ar stocaí na gcoisithe.
Síos an bóthar
bhí cuileoga a raibh amhras fúthu á ruaigeadh
ag gealbhain is ioraí rua.
Bhí pubaill shealadacha ann agus moncaithe
ag gáire is ag gol iontu, 
Grán á cháitheadh acu chun príosúnaigh a bheathú.
Bhíos-sa cuachta suas i mbúit na trucaile
m'aghaidh i bhfolach ina cíocha
ag smaoineamh ar fhaoileáin ag suirí sna dumhcha.
Níl deabhadh orm. Is mian liom
ithe, is ól, is damhsa a dhéanamh
sula n-athraíonn siad mo mhasc is m'aitheantas nua a shaoradh.

Ashwini Kumar