2021-09-22

An Leabharlann / The Library

Leabharlann i gcuimhne ar an bhfile Dalit, Binoy Majumdar.
Grianghraf le Maitreyee Bhattacharjee Chowdhury, Scroll.in

An Leabharlann

Braithim, seans, go rabhas anseo cheana
gur léas na leabhair go léir
beidh orm iad a léamh arís
An leabharlann seo leis an díon iarann rocach
is an rothar lasmuigh
d'athraíodar mo dhearcadh ar an saol
ar leabharlanna
ar leabhair
is orm féin

The Library

I feel, somehow, that I have been here before
and read all the books
I need to read them again
This library with its corrugated iron roof
the bicycle outside
They've changed the way I see the world
libraries
books
myself