2020-04-09

Dhá Bhéar

Lá amháin
tar éis dóibh bheith ag tóraíocht bia go dian
shuigh dhá bhéar le chéile ina dtost
agus radharc breá acu
ar dhul faoi na gréine;
is iad a bhí buíoch
as a bheith beo

Ina dhiaidh sin is uile, tar éis tamaill
thosaigh comhrá suimiúil eatarthu
agus chromadar ar phlé a dhéanamh
ar chlú agus cáil.

Arsa béar díobh:
"An gcualaís  i dtaobh Rustam?
Tá an-cháil air
is é ag taisteal ó chathair go cathair
i gcás órga

Bíonn sé ag damhsa do na céadta
dá gcloisfeá an gáire is an bualadh bos
is é i mbun
gliogram cos."

Dhein an béar eile a mhachnamh
seal
is thosnaigh
ag gol

Hāfiz