File avant-garde a rugadh sa bhliain 1967 é Hemant Divate. Cáil air mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir agus mar aistritheoir. Aistríodh a chuid dánta go Fraincis, Spáinnis, Urdúis, Gúisearáitis, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Teileagúis, Cannadais, Mailéalaimis agus Gearmáinis. Tá sé ag cur faoi in Mumbai. In agallamh leis sa Mumbai Mirror, thug Hemant le fios go raibh an domhandú trí mheán an Bhéarla ag cur isteach ar fhilíocht na Maraitise agus go bhfuil an téama sin go tréan ag tríocha éigin dá chomhfhilí Maraitise.
Deir sé go bhfuil ‘clónáil’ ar siúl, fiú i measc na bhfilí, agus an indibhidiúlacht i mbaol dá dheasca sin. An bhfuil ‘clónáil’ i ndán don fhilíocht Ghaeilge chomh maith? An bhfuil rian na clónála uirthi cheana féin? A léitheoir dhil, tá ceisteanna á n-ardú anseo agam. Níl a fhios agam an bhfuil na freagraí ag éinne. Is tábhachtaí ceisteanna ná freagraí, ar shlí.
Ceist eile mar sin. An bhfuil éifeacht ar bith ar an bhfilíocht a aistrítear – ó Mharaitis go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge sa chás seo – ar na teangacha sin faoi seach? An cuid d’fhilíocht an Bhéarla nó fiú den fhilíocht Angla-Indiach anois é Divate de thairbhe na leaganacha Béarla de na bundánta Maraitise a dhein an file nótáilte Dilip Chitre? An cuid d’fhilíocht na Gaeilge anois é chomh maith? Tá daoine ann a ligfeadh isteach é, mé féin ina measc, agus daoine eile a déarfadh, ‘Fan amach uainn, níl tú uainn, ní bhaineann tú linn, níl na dintiúir agat agus ní bheidh go brách!’
Cad a bhí ar aigne ag Goethe nuair a thagair sé do Weltliteratur? Litríocht dhomhanda, litríocht an domhain, an litríocht sin a tharchéimníonn ach nach séanann a fréamhacha dúchais, d’fhéadfá a rá. Thagair Hemant don ‘chlónáil’, focal níos scanrúla ná ‘caighdeánú’, an focal a d’úsáid Auerbach in aiste leis ar Weltliteratur (The Centennial Review, Vol. XIII, No. 1, Winter 1969). Ach is é an rud céanna é sa deireadh, clónáil, caighdeánú. Cén chosaint atá ina n-aghaidh? Faobhar a chur ar do theanga? Sea, ach sa troid in aghaidh na clónála is í dínit an duine féin atá á cosaint againn agus is í an dínit chéanna atá fite fuaite lenár ndúchas an tsaighead is géire sa bholgán saighead againn chomh maith.
Réamhrá as an leabhar a fhoilseofar i 2013.
Agus Scaoilfear Saor Ar Bhlúire Páipéir Mé
Cé atá ag scríobh dáin
Agus poill ann
Nach féidir a líonadh
Fiú má phacáiltear le focail iad
(Poill –
An ciúnas san inchinn, fiú, tá siad ann)
Tá an teilifís ar siúl
Is an páiste ag damhsa os a comhair
Tóin thar ceann, ceann thar tóin
Na cainéil á n-athrú aige
Táim an-mhíshásta leis
An ceart dom léasadh a thabhairt dó, nó –?
D’fhágfadh léasadh fiú
Poll sa chiúnas
Is bheadh poll sa chiúnas leis
Mura dtabharfainn léasadh dó.
Tá mé ar buile
Bhain seangán plaic asam
Tá sé basctha agam
Brúite basctha
Táim ar buile.
An scríobhfaidh mé an dán seo?
Nó an ndéanfaidh mé roinnt sceitsí don ghasúr
A ainm, slacán cruicéid, liathróid, scuab fiacla, Colgate, teilifíseán
Táim ar buile
Tá an teilifis ar siúl
Caithfidh mé smidiríní a dhéanamh den scáileán
Tá an páiste ag béicíl
Táimse ag tafann air
Tá a mhéar á sá i bpoll aige
Níl orm ach veist
Táim ag iarraidh na poill a dhúnadh
Leis an dán, leis na focail seo
Ag púscadh aníos ionam
Tá an teilifís á lasadh is á múchadh ag Dhullu leis an gcianrialtán
Tá sé á rá liomsa na cainéil a athrú ceann i ndiaidh a chéile
Go dtí go dtiocfaidh sé ar an gcainéal is rogha leis
Is gearr go mbeidh fuath aige
Don chainéal sin
Tá dán á scríobh agam
Breacaim síos focal, is focal eile
Tá ceanndánacht an bhuachalla do mo lasadh is do mo mhúchadhsa
Táim ciaptha cráite
Cathain a thiocfaidh an dán amach?
Táim ag baint díoscáin as mo chuid fiacla go corrabhuaiseach
Neomat ar bith anois
Tiocfar ar an bpoll a bhfuilim sa tóir air
Tiocfad asam féin im ghuairneán gaoithe
Agus scaoilfear saor ar bhlúire páipéir mé.