2012-11-19

Dánta Cúig Líne le Mariko Sumikura

As Kyoto na Seapáine do Mariko Sumikura. Ball den Japan Poets Club, an Kansai Poets' Association agus Stiúrthóir Japan Universal Poets Association. Príomh-Eagarthóir Poetic Bridge: AMA-HASHI (天橋).  
Foilseacháin: 
Kokoro Kaoru Hito (Bean an Chroí Chumhra), 
Yume Tsumugu Hito (Bean ag Sníomh Taibhreamh),
Hikari Oru Hito (Bean ag Fí Solais,) 
Ai Matou Hito ( Bean a Chaitheann an Grá) 
agus an leabhar as a dtagann na dánta cúig líne seo,
Tsuchi Daku Masurao (Fear a Mhuirníonn an Domhan).

Focal neamhchoitianta is ea masurao. Focal atá caite amach, nach mór. Duine fearúil is brí leis. Mascalach. Is focal é a chuala óna béal féin go minic nuair a bhuaileas léi in Kyoto, cathair a raibh an-tionchar ag a muintir uirthi ón meánaois ar aghaidh. Ní haon mhascalach mná ise, áfach, ach duine fíneáilte idir chorp chleite is sciathán. Saothar léi aistrithe go Béarla, Rómáinis, Eabhrais, Spáinnis, Fraincis agus Gaeilge. Ghlac sí páirt i bhféilte filíochta ar nós Struga na Macadóine. Aistí foilsithe aici ar an bhfealsamh Maria Zambrano. Leabhar filíochta Béarla liom Uttering Her Name (Salmon Poetry, 2009) aistrithe go Seapáinis aici

Duilleoga Tite

An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?
Drúcht na hOíche

Nach séimh é,
An drúcht a thugann an ceobhrán leis
Feictear sa ghealach chruinn é
Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog,
Go dtí go sileann ar pheitil an róis.
Tinte Fá Shuan

Bíonn an luaithreach
Cneasta leis an tine.
An tAm
Tá súil agam
Cneasta leis an ngrá.
Cárta Poist

Imíonn cárta poist
Chuig ceann scríbe ar bith
Bíodh is go n-iompraíonn sé
Grá a bhfuil meáchan mór
Ann.
Dorn

Is geall le dorn í
An fhéachaint sin
Id shúil
Buaileann tú go tréan
Ar an doras
Atá in íochtar mo chroí.
Guth

Bíodh is nach gcuirtear
Adaimh an aeir
Ag imeacht soir siar,
An gcloiseann tú mé
Ag labhairt leat?
Amárach

An bhfuil ré nua
I ndán dúinn go luath
Nó an laethanta leamha a bheidh ag teacht
I ndiaidh a chéile?
Cad a thabharfaidh an lá amárach leis?
Litir Ghrá

“Aithne na teileapaite ar a chéile”
Frásaí á scríobh
Go híogair
Fiú na focail atá mílitrithe agat
Is aoibhinn lem chroí iad.
Saol

Saol lonrach na héigse!
Is mian leo teacht ar an saol
A deir na dánta.
Is mian leo a bheith beo
A deir na dánta.
Loiteog Bhán

Bláth sa láib!
Is tú bláth
Na loiteoige báine
Ag éirí aníos
Im chroí go tréan!
Cuisle

Cóngarach i gcéin!
I bhfad ón áit seo
Ar an taobh eile den domhan.
I bhfad uait,
Do chuisle i mo chlos.
Buairt

Is mé ag éisteacht le monabhar na nduilleog
Táim buartha fút
Is tú san imigéin.
Nuair a thiteann an fhearthainn
Nuair a shéideann an ghaoth.