2020-08-16

Haiku le Issa ón mbliain 1803

 Sa bhliain 1803 (ceaptar), cailleadh an file Liam Dall Ó hIfearnáin:

"Ar bruach na Coille Muaire fé ruadh-bhrataibh bróin

Do seóladh guth im chluasaibh ba shuairce liom fé dhó

'Ná ceól na cruite ag fuaimint

Is 'ná glór na lon 'san uaigneas,

B'é ceól ba bhinne é im chuaird liom dá gcuala dhen

tsórt . . ."

Napper Tandy

Cuireadh chun báis beirt de cheannairí Éirí Amach 1803, Robert Emmet agus Tomás Ruiséal.

Rugadh James Clarence Mangan, William Smith O' Brien agus Gerald Griffin.

Cailleadh James Napper Tandy agus Arthur Guinness. 








Agus sa bhliain 1803, chum Issa an haiku seo:

tigh ar díol

nach séimh é  . . .

rósanna dreoite

売家の長閑也けりかれ茨

uri ie no nodoka nari keri kare ibara