2020-08-18

Aistriúchán

Im’ sheomrasa
Ar an mballa
Taobh lem’ leaba
Tá laghairt bheag
Ag rith síos suas
Ag dul i bhfolach
Lena cosa beaga peiteal
Súile pailine ag gliúcaíocht orm
Eireaball fada snáithíneach.
Sa Hiondúis tugtar Chipkali
Ar laghairt.
Chun blaiseadh dá bhrí
Bris é mar chnó
Ina lár, chip + kali.
Cuir i do bhéal é
Ná cogain: lig dod’ theanga
É a bhrath. Tóg amach
Id’ lámh é
Bolaigh é
Bain amach an tír choigríoch sin
I bhfolach id’ ghlac
An bhrí atá le beatha bheag
Nár bhláthaigh fós
Bachlóg Cheilte.

Zeenat Khan

*chip: ceilte
*kali : bachlóg