2020-08-25

An Réasún

Abair slán leis an réasún. Loisceann an Solas
an réasún ó bhonn go baithis.
Más mian leat an Cuntanós sin a fheiscint
lorg súil eile. Feiceann an fealsamh dhá ní
lena dhá shúil
is ní léir dó aontacht na Fírinne.
Faoi mar a dhónn an Solas na haingil féin,
loisctear an réasún.
Solas na súile nó solas na gréine,
solas an réasúin nó Solas na Soilse.

Mahmud Shabistari