2022-07-26

Cúpla Haiku ón tSeapáin

 海亀のかへるころなる松の風   藺草慶子
umigame no kaeru koro naru matsu no kaze

am fillte
na dturtar mara
an ghaoth sa ghiúis
Keiko Igusa

雨粒を背負ひて蟻の立ちあがり  杉山久子
amatsubu o seoite ari no tachiagari

 

braon báistí
ar a dhroim
seasann seangán suas
Hisako Sugiyama

夏山や雨音はわが魂鎮め  藤田湘子
natsu-yama ya amaoto wa waga tama shizume

sliabh samhraidh
m'anam á shuaimhniú
ag fuaim na báistí
Shoshi Fujita (1926 -2005)


牛乳を猫と分け合ふ春の昼   馬場公江
gyûnyû o neko to wakeau haru no hiru

bainne á roinnt
le cat
tráthnóna earraigh
Kimie Baba

声立てぬ赤子の欠伸雁帰る   秋元不死男
koe tatenu akago no akubi kari kaeru

déanann linbhín méanfach
gan ghlór
eitlíonn na géanna ar ais ó thuaidh
Fujio Akimoto (1901 -1977)

夕浪のひかりついばむ冬鴎   那須淳男
yûnami no hikari tsuibamu fuyu-kamome

solas na dtonnta tráthnóna
á phiocadh aige
faoileán geimhridh
Atsuo Nasu

朝よりも影の重たき寒鴉  江渡華子
asa yorimo kage no omotaki kan-garasu

is troime a scáil
ná mar a bhí ar maidin
préachán geimhridh
Hanako Eto

寒鴉人の話を聴いてをる  山川幸子
kan-garasu hito no hanashi o kiiteoru

préachán i lár an gheimhridh
ag éisteacht
lenár gcomhrá
Sachiko Yamakawa

天の川こころの淵を流れけり  笹下蟷螂子
amanogawa kokoro no fuchi o nagarekeri

Bealach na Bó Finne
ar a shlí
thar chiumhais mo chroíse
Toroshi Sasaka