is tá na héin tar éis na crainn
a fhágaint agus na seangáin
a gcuid cnoc seangán
N'fheadair éinne cá bhfuilid
d'imigh na doirse
sea bhailíodar leo
bailithe leo go deo
Triomach uafásach
agus seasann beithígh go ciúin
ag stánadh ar a chéile
Féachann Daid ina thimpeall
agus ar seisean -
Triomach mar é
ní raibh riamh cheana
féar an basti féin
feoite fiú amháin
Níor chuala caint riamh
ar bhás an fhéir . . .
ar sé agus titeann dá thost.
Amach liom
sa tóir ar fhéar
Féachaim thart
ar an bhféarach seasc
mé ag breathnú i dtoibreacha
suas síos na sráideanna
na crosbhóithre
ach ní thagaim
ar an nglaise is lú
Tagaim ar chrúiscíní folmha
buicéid, liacha, trinsiúir
féachaim isteach sna crúiscíní
i súile na ndaoine
ach ní fheicim puinn féir
Sa deireadh i ndiaidh cuardaigh fhada
ar fud na lonnaíochta
abhaile liom is díomá orm
agus sa draein thirim in aice leis an tobar
i measc píosaí de ghloine bhriste
faighim spléachadh ar phonc glas
an féar é?
Sea, féar atá ann
deinim amach -
Nuair a théim abhaile
tugaim an dea-scéala do m'athair
agus tagann luisne ina ghrua
fiú sa dorchadas -
'Tá dóchas ann i gcónaí
má tá féar ann . . .'
Ar sé faoina anáil
is báitear ansin ina chuid smaointe é