2021-08-07

Conas péire cuarán nua a cheansú

ná coinnigh le chéile iad
ná lig dóibh labhairt lena chéile
 
d’fhéadfaidís ceardchumann a bhunú
 
ná fág go deo iad gar
do chlog balla, leabhair ar an dlí, féilire, bratach náisiúnta
portráid de gandhi ná nuachtán
ar eagla go bhfaighidís amach faoi
lá na saoirse, satyagraha,
laethanta saoire, uaireanta oibre, íosphá agus
caimiléireacht
 
ná tabhair chun an teampaill iad
gheobhaidís amach láithreach go bhfuil tú lag
gur dia bréige é do dhia-sa agus luífidh siad ort
 
ná tabhair in aice leis an mbord seomra bia go deo iad
d’fhéadfaidís bia a lorg
nó an drochshúil a chaitheamh ar do dhinnéar blasta
 
úsáid ar dtús iad le haghaidh siúlóidí gearra
ansin cuir leis an bhfad de réir a chéile
 
na bíodh a fhios acu go deo an méid oibre is gá dóibh a dhéanamh
scaoil na strapaí teanna
lig dóibh a bheith sona
 
tá siad ag éirí níos mó
smear roinnt sean-ola ar na strapaí garbha
le go mbraithfidís ungtha
 
oibrithe maithe ceansaithe anois iad
ullamh chun ragobair a dhéanamh
 
do do chosa ramhra

Gopal Honnalgere (1942-2003)