2025-03-06

Uafásach! Is beag nach ligim liú!

Cole san Eoraip le linn
an Dara Cogadh Domhanda.
Comhaireamh na marbh ar an dá thaobh
a bhí mar chúram ar fhear
na véarsaí éadroma.
Agus é ag aistriú dánta do pháistí dá bhlag, tháinig Gabriel Rosenstock ar dhán le William Cole (Liam Mac Cóil), fear a chleacht véarsaíocht éadrom agus a chuir scata díolamaí i dtoll a chéile.

Ní raibh a fhios ag Gabriel go dtí gur thosnaigh sé ag léamh mar gheall air, gurbh é an Fínín Diarmaid Ó Donnabháin Rossa seanathair William Cole.





Uafásach! Is beag nach ligim liú!

après William Cole


Uafásach! Is beag nach ligim liú
Nuair a thagaim ar phéist istigh i m'úll!
Ní hin is measa, ní hea, ní hea
Ach teacht ar phéist ann ina dhá leath!

It's such a shock, I almost screech

BY WILLIAM COLE

It's such a shock, I almost screech,
When I find a worm inside my peach!
But then, what really makes me blue,
Is to find a worm who's bit in two!