2025-03-22

Cártaí poist ó ghráinneog

 

i.


A Mhamaí, a stór,
Aimsir aoibhinn.
Chonaic mé sionnach aréir,
dheineas mar a mhol tú dom riamh a dhéanamh
dheineas liathróid díom féin.
Tar éis tamaill, bhailigh sé leis.
Baineadh preab asam mar sin féin.
Ba bhreá liom dá mbeifeá anseo liom.

Le grá, Gearóid

ii.


A Mhamaí, a stór,
Aimsir bhreá inniu.
Chonaic mé gráinneog ghleoite díreach anois.
Nílim cinnte conas mé féin a chur in aithne di.
Déanann sí cúthail mé
ach fós an-teolaí istigh ionam féin.
Dheineas liathróid díom féin.
Ba bhreá liom dá mbeifeá anseo liom.

Le grá, Gearóid

iii.


A Mhamaí, a stór,
Tá sé ag cur báistí inniu. D’itheas seilide drúchta.
Ní raibh sé chomh maith leis na cinn
a d’fhaighimis uaitse.
Measaim go labhróidh mé leis an ngráinneog ghleoite amárach.
B’fhéidir go dtabharfainn seilide drúchta di.
Dheineas liathróid díom féin.
Ba bhreá liom dá mbeifeá anseo liom.

Le grá, Gearóid


iv.


A Mhamaí, a stór,
Tháinig an ghrian amach arís.
Mhúsclaíos mo mhisneach ar maidin
agus chuas chun í a fheiscint.
Dhruideas ina leith go cúramach mar a mhol tú
ach nuair a labhair mé léi
fuaireas amach nach raibh inti ach buaircín.
Bhí náire an domhain orm.
Dheineas liathróid díom féin.

Ba bhreá liom dá mbeifeá anseo liom.

 Le grá, Gearóid

 

 

A.F. Harrold, 

ón leabhar Things You Find In A Poet's Beard  . Féach freisin: