Feldhase, Albrecht Dürer
Táim beagnach cinnte, arsa Toby, táim beagnach cinnte go bhfaca mé giorria ar maidin. Tá daoine ann agus ní fhaca siad giorria riamh! An gcreidfeá é sin! Bhuel, ní duine acu sin mise. Chonaic mise giorria ar maidin. Ar ndóigh, nílim 100% cinnte gur giorria a bhí ann. B’fhéidir gur speabhraídí a bhí orm! An raibh speabhraídí riamh ortsa? Bhuel, is cuma faoi sin anois. Chuir an giorria sin ag smaoineamh mé. An raibh an giorria sin – más giorria a bhí ann – an raibh sé á rá leis féin: ’Hmmm . . . an bhfaca mise Uncail Toby díreach anois? Nó an speabhraídí atá orm?’ An é sin a dúirt an giorria leis féin? An dtuigeann tú cad atá á rá agam? Chloisfeá daoine uaireanta agus iad á rá, ‘Chonaic mé X nó chonaic mé Y ar maidin’. Sea, chonaic a déarfainn! Táim cinnte go bhfaca! Ní fhaca siad faic. Speabhraídí a bhí orthu! Tá daoine áirithe ann agus réitíonn siad anraith giorria dóibh féin. Uch! Smaoinigh air! Bhí oideas ag an gcócaire cáiliúil Mrs Beeton. Conas anraith giorria a dhéanamh? An chéad chéim, ar sise:’Beir ar ghiorria!’ Ar thuig Mrs Beeton cé chomh deacair is atá sé breith ar ghiorria? Feiceann tú giorria agus imíonn sé i bhfaiteadh na súl. Sin a tharla do mo ghiorriasa ar maidin. Thosaigh mé ag tochas mo chinn agus ag fiafraí díom féin, ‘Ach bhfaca mise giorria anois díreach?’ Chuimlíos mo dhá shúil. Nuair a d’fhéachas arís, bhí an giorria imithe. Faoi mar a shlogfadh an talamh é! An raibh sé ann in aon chor? Sin í an cheist.