2020-06-29

Nasrúidín

Seanmóin

Lá amháin, iarradh ar an Mullá Nasrúidín seanmóir a thabhairt. In airde leis ar an bpuilpid agus d’fhiafraigh de na fíréin, ‘An bhfuil a fhios agaibh cad atáim chun a rá libh?’ ‘Níl,’ arsa na fíréin. ‘Bhuel,’ arsa Nasrúidin, ‘níl aon fhonn ormsa labhairt le daoine nach bhfuil a fhios acu cad faoi a bheidh mé ag caint,’ agus bhailigh sé leis.

Bhí leathnáire ar an bpobal. Ghlaodar ar ais air an lá dár gcionn. Chuir sé an cheist chéanna orthu. ‘An bhfuil a fhios agaibh, etc  . . .’ ‘Tá!’ arsa an pobal.     ‘Bhuel,’ arsa Nasrúidín, ‘má tá a fhios agaibh cheana féin, ní chuirfidh mise mo chuid ama amú anseo!’ agus d’imigh sé.

Bhí an pobal suaite. Thug siad cuireadh dó teacht arís an tseachtain dár gcionn. Tháinig sé agus chuir sé an cheist chéanna arís orthu:

‘An bhfuil a fhios agaibh, etc  . . .?’

Bhí an pobal ullamh an uair seo. ‘Tá!’ arsa a leath acu. ‘Níl!’ arsa an leath eile.

Arsa an Mullá Nasrúidín leo: ‘Ligimis don dream a bhfuil a fhios acu é a insint don dream nach bhfuil!’ agus as go brách leis. 

Glasraí

Chuaigh an Mullá Nasrúidín isteach i ngairdín uair amháin.Phioc sé roinnt cairéad agus cúpla tornapa agus sháigh isteach i sac iad. Bhí an obair sin tugtha faoi deara ag an ngarraíodóir, áfach.

‘Cad sa diabhal atá ar siúl agatsa?’ ar seisean leis an Mullá.

‘Bhuel,’ arsa an Mullá, agus é ag smaoineamh as a sheasamh, ’bhí gaoth láidir ag séideadh le cúpla lá anuas agus scuabadh isteach sa ghairdín seo mé.’

‘Ach cé a stoith na glasraí?’

‘Cé a stoith na - ? Ó sea. Bhí an ghaoth do mo chaitheamh thall is abhus agus b’éigean dom greim a choimeád ar chúpla glasra, an dtuigeann tú, nó bheinn scuabtha ag an ngaoth ar nós eitleoige.’

‘Tuigim,’ arsa an garraíodóir, ‘ach cé a sháigh isteach sa sac iad?’

‘Cé a sháigh isteach sa -? Ó sea, an cheist chéanna a bhí ag déanamh scime dhom féin nuair a tháinig tú ar an láthair.’

Cearca

Lá amháin, i mBéalgrád, thug scata ógánach an Mullá Nasrúidín leo go dtí an folcadán. Bhí roinnt uibheacha i bhfolach acu. Nuair a bhíodar go léir istigh sa tigh allais, bhaineadar a gcuid éadaigh, isteach leo, shuíodar ar an mbinse, agus arsa duine acu ansin, ‘Cé atá in ann ubh a bhreith? An té nach bhfuil in ann ubh a bhreith, íocfaidh sé as an bhfolcadán.’

Leis sin, bhí raic an-mhór san áit agus na buachaillí ag grágaíl ar nós an diabhail. Níorbh fhada go raibh ubh an duine acu. Díreach ansin, scairt an Mullá Nasrúidín:’Coc-a-dúdal-dú!’

‘Cad atá ortsa?’ arsa na buachaillí.

‘San áit a mbíonn cearca bíonn coileach,’ ar seisean.

Bacach bocht

Tugadh ruainne aráin do bhacach lá, ach faic ina theannta. Bhí sé ag súil go gceannódh sé subh nó rud éigin blasta le cur air agus chuaigh ag lorg déirce sa tábhairne áitiúil.

Chuir fear an tábhairne an ruaig air. Shleamhnaigh an bacach isteach arís ar ball agus chonaic sé anraith á chócaráil sa chistin. Chuir sé an blúire aráin os cionn an phota chun go bhfágfadh an ghal blas éigin ar an arán.

Nocht fear an tábhairne, rug air agus chuir gadaíocht ina leith.

‘Níor ghoideas-sa faic,’ arsa an bacach, ‘ní raibh ansin ach an ghal ón súp, gal a bhí ag dul amú ar aon chaoi. Ní bhfuaireas ach an boladh, sin uile.’

‘Beidh ort íoc as an mboladh mar sin,’ arsa fear an tábhairne.

Ní raibh pingin rua ag an mbacach bocht ar ndóigh.

Tugadh os comhair na cúirte é. Bhí an giúistís ar saoire iascaireachta agus an Mullá Nasrúidín ag seasamh isteach ina áit.

‘Cás aisteach,’ arsa an Mullá leis an tábhairneoir. ‘Tá íocaíocht uait as boladh an anraith?’

‘Tá, a Mhullá!’

‘Íocfaidh mise as,’ arsa an Mulla Nasrúidin, ‘íocfaidh mé as boladh an anraith le fuaim an airgid.’

Tharraing sé amach cúpla bonn airgid as a phóca agus bhain clingeadh astu. Sháigh sé an t-airgead ar ais ina phóca ansin agus d’ordaigh go gcaithfí an tábhairneoir agus an bacach amach as seomra na cúirte.


Léigh tuilleadh: