is ciúinmar a bhláthaigh na lilí . . .canann fuiseog
Haiku ciúin ón mbliain 1810. Ceann de na cleasa atá ag an haijin,
 an máistir haiku, is ea dhá rud éagsúla a chur os ár gcomhair  is gan 
aon bhaint acu lena chéile, dáiríre; ach fós féin is é bua an haiku ná 
go samhlaíonn an léitheoir íogair go bhfuil ceangal éigin eatarthu mar 
sin féin - go deimhin, go bhfuil ceangal idir gach aon ní. Sin sin! 
(Seanbhrí le 'shin-shin' na Seapáinise is ea 'go ciúin)   
.しんしんとゆりの咲けり鳴雲雀  
shin-shin to yuri no saki keri naku hibari
 
