'Cá bhfaigheann Gabriel Rosenstock iad? Cá bhfaigheann sé na filí 
domhanda seo a éisteann le ceol na cruinne agus a bhuaileann ar aon 
bhuille lena chuisle féin? Tá daonnacht bhuile sna dánta seo ó Rati 
Saxena, daonnacht a uaislíonn sinn má táimid umhal go leor chun 
éisteacht leo. Tá bá sna dánta seo leis an saol ar fad, bá bhaineann sa 
chéad áit, ach bá le gach neach beo - an damhán alla, an seangán, an 
t-ulchabhán - gan trácht ar thuiscint don neamhbheo chomh maith céanna. 
Má tá "cluiche na cumhrachta" á imirt ar fud na coda is fearr díobh seo,
 is é "cluiche na blastachta" atá buaite ag Rosenstock ina chuid 
leaganacha máistriúla. Pósadh é seo idir ceann de theangacha fairsinge 
an domhain, agus ceann dá mhionteangacha móra. Is álainn an pósadh é.'
Alan Titley, Aibreáin 2013 
 
