2013-04-29

Soiscéal an fhile haiku

An bhfuil creideamh áirithe ag an bhfile haiku (is é sin le rá creideamh haiku, anuas ar pé creideamh foirmiúil a bheadh aige, an Búdachas, an Chríostaíocht etc, má tá a leithéid aige in aon chor?) Tá go deimhin agus tá sé ráite go maith ag an máistir haiku

Santoka:

“Ná cloígh leis an am atá thart agus ná bí ag súil leis an am atá le teacht. Bí buíoch as gach lá dá dtagann, is leor sin.” Ní gá duit a bheith i d’fhile haiku chun géilleadh don ráiteas sin.

Bhí Santoka beo bocht cuid mhaith dá shaol:

an cat ag caoineadh
le teann ocrais
níl faic agam dó

Tá rud éigin an-lom ar fad sna haiku a chum sé agus é ag siúl na sléibhte leis féin:

éirí na gealaí
nílim ag súil
le haon ní

Is beag duine againn nach bhfuil ag súil le rud éigin, le saibhreas, le cáil, le sonas nó le pléisiúr éigin – tá an cholainn santach, tá an aigne santach – samhlaigh an té nach bhfuil ag súil le haon ní! Is aisteach an staid aigne é sin, déarfadh a lán. Mínádúrtha fiú amháin. Ach déarfadh lucht Zen a mhalairt – gurb é do nádúr ceart é ach na sraitheanna go léir a chruthaíonn an ego a chaitheamh uait.

Má ba bheo bocht féin é, níor dhearmad sé a bhuíochas a chur in iúl don Bhúda agus dá thuismitheoirí:
tráta agam
le hofráil don Bhúda
do m’athair is dom mháthair

Dhá chreideamh a chuaigh i bhfeidhm ar an haiku is ea an Búdachas agus Sinteo. Ómós don dúlra agus ómós do na sinsir a chuaigh romhainn, sin is Sinteo ann go hachomair. Agus arís:

piocaim bláth
gan ainm
ofrálaim don Bhúda é

Nach iontach! Thug sé an-chur síos dúinn ar a chuid fánaíochta, cur síos lom ar shaol lom:

lón
an lae inniu
uisce – sin uile

Saol na déirce é saol an mhanaigh go minic:

fuaim fhuar
na leathphingine
a chaitear i mo threo

Saol uaigneach:

oíche fhada
deineann tafann an ghadhair
níos faide fós í

Radharc aige ó am go ham ar imeachtaí an domhain mhóir. Cad atá ar siúl ag daoine na laethanta seo? Ó, an seanscéal i gcónaí:

filleann saighdiúirí
ar an tSeapáin
lámha, cosa, fágtha acu sa tSín

Agus filleann Santoka ar an déirc:

clocha sneachta, leis,
im bhabhla
déirce

Bhí haiku againn cheana ar an mblag seo faoin bpréachán, haiku leis an máistir Issa. Seo Santoka:

grág préacháin
is táimse, leis,
i m’aonar