2021-11-23

Trí Dhán a Scríobhadh in Coorg *

'Satchi' agus Gabriel

 1. An Oíche Agus An Eilifint


In Coorg is deacair an eilifint a aithint
thar an oíche.
Ceapann tú go bhfuil sé ina oíche; ach
níl tú in ann teacht ar an ngealaigh.
Is dóigh leat gurb é an starrfhiaclach atá ann; ach
níl teacht agat ar na starrfhiacla.


An é gur chaill an oíche agus an eilifint iad
mar nach rabhadar in ann cuar na gealaí
a aithint thar chuar na starrfhiacaile?
 
Ach an chumhracht phlúchtach seo, meascán
de chána siúcra, caora fiáine agus Banríon
na hOíche is í faoi bhláth faoi sholas
na gealaí: an í cumhracht na hoíche í
nó cumhracht na heilifinte?

2. An  Kavery

Chuireamar an Kavery dínn cúpla uair.
Ní raibh inti tamall ach sruthán beag bídeach
i measc na gcarraigeacha,
lochán marbhuisce in áit eile agus
in áit eile fós í ina habhainn bhreá.

Ach ba iad na híomhánna céanna
a thit ar an uisce: bambúnna, crainn,
scamaill, sinne, droichead nár tógadh
bogha síne nach bhfacthas
i mbrionglóid órga aingil.
 
Ar nós íomhánna an domhain
a thiteann ar anam gach n-aon.

3. Foraoisí

Ghabh scata foraoisí trínn,
Scata éan ag eitilt, scata brúideanna ina dtáinrith.
Sheasamar gan chorraí, ag súil le gach leoithne,
go n-iompóimis inár gcrainn, go bpéacfadh duilleoga
ag súil go n-osclódh bláthanna
is go n-aibeodh torthaí.
 
Ghabh an Kavery tharainn, ár bhfréamhacha
a bhí dearmadta le fada againn á n-uisciú aici.

 K. Satchidanandan

 
*   Ceantar in Karnataka na hIndia is ea Coorg, nó Kodagu.
Sa Mhailéalaimis a scríobhadh na dánta seo.