2021-11-08

Tar éis an chuirfiú

 Tá ina mhaidin
cromann an spéir a ceann
go humhal go talamh
toisc páistí bheith ag dul ar scoil  . . .

Á folcadh féin san abhainn
cuireann an ghrian
turban d'ór sníofa uirthi féin
is seasann ar thaobh an bhóthair go gealgháireach
toisc páistí bheith ag dul ar scoil . . .

Canann gaotha beannachtaí
ar ghéaga úrghlasa
déanann ceoilíní na mbláthanna cumhra
cosáin chodlatacha a dhúiseacht
ó chúinne na seansráide
sméideann an peepul scáthach
a lámha
toisc páistí bheith ag dul ar scoil  . . .

Tagann aingil sholasmhara amach
tá an uile chonair ag drithliú
i láthair na huaire
gach póir den domhan
ag preabadh mar chroí máthar
an t-am ina shuí go suairc
ar dhíon leath-thite
colúir ag eitilt sa spéir
toisc páistí bheith ag dul ar scoil . . .

Nida Fazli