Ní ceart smaoineamh ar leith
nó sraith de smaointe
a chaitheamh i dtraipisí
díreach ar an gcúis
nach bhfónann siad
don chine daonna.
Má tá smaoineamh ann
caithfear na geataí a oscailt dó.
Mar, má dhúnann tú na geataí
brúfaidh an smaoineamh isteach
nó ar nós na cuileoige san fhabhalscéal
sciorrfaidh sé isteach
gan fhios don saol.
An réalachas sa litríocht
cuir i gcás.
Nuair a nocht sé ar dtús
bhí goimh ar an saol
is a mháthair.
Cén fáth ar gá dúinn
eolas a chur ar an salachar go léir?
Le fírinne, ní gá.
Ach, ó shleamhnaigh sé isteach
bhí bréag ullamh aige:
chuir sé é féin i gcomparáid
leis an bpaiteolaíocht,
mhaígh go raibh sé úsáideach,
fóinteach agus, dá réir sin,
tugadh áit dó.
Is léir do chách anois
nach fóinteach atá an réalachas
ach dochrach,
an-dochrach . . .
Is deacair an bonn a bhaint de, áfach.
Dán is ea Réalachas a cuireadh le chéile as sliocht próis a fuarthas i leabhar de chuid Leo Shestov (1866 – 1938).