2022-09-19

Dá mba haiku iad na hUpainiseaid

1
he became a steed 
and carried the gods . . . 
a stallion

deineadh each de
d'iompair sé na déithe . . .
stail

2
the stars are his bones 
the clouds, his flesh . . . 
rivers are his entrails

réaltaí iad a chnámha . . .
néalta a cholainn  . . .
aibhneacha a ionathar

3
the dawn, his  head 
the sun, his eye . . .
his breath is the wind

an chamhaoir, a cheann
an ghrian, a shúil . . .
a anáil is ea an ghaoth

4
the foam of waters
hardened and became
the Earth

d’éirigh cúr na n-uiscí
crua agus deineadh
an Domhan de

5
semen became the year . . .
prior to that
no year ever was

dá shíol deineadh an bhliain  . . .
roimhe sin
ní raibh bliain ar bith ann

6
when he came on earth
Death opened his mouth for him . . .
he cried out, Bhān!

nuair a saolaíodh é
d’oscail an Bás a bhéal dó . . .
ar sé de bhéic, Bhān!

7
the gods said to Speech
‘sing for us!’
and Speech sang

arsa na déithe le hUrlabhra
‘can dúinn!’
is chan Urlabhra

8
devils rushed upon Speech
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
san Urlabhra

9
the gods said to the Eye
‘sing for us!’
and the Eye sang

arsa na déithe leis an tSúil
‘can dúinn!’
is chan an tSúil

10
devils rushed upon the Eye
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
sa tSúil

11
the gods said to the Ear
‘sing for us!’
and the Ear sang

arsa na déithe leis an gCluas
‘can dúinn!’
is chan an Chluas

12
devils rushed upon the Ear
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
sa Chluas

13
the gods said to the Mind
‘sing for us!’
and the Mind sang

arsa na déithe leis an Aigne
‘can dúinn!’
is chan an Aigne

14
devils rushed upon the Mind
and pierced it
with evil

tháinig diabhail de rúid
is chuir an t-olc
san Aigne

15
the gods said to Breath
‘sing for us!’
and Breath sang

arsa na déithe leis an Anáil
‘can dúinn!’
is chan an Anáil

16
devils rushed upon the Breath
and they were all scattered
to the four winds

tháinig diabhail de rúid
is cuireadh scaipeadh
na mionéan orthu go léir

17
the Chant is sāman
sā is ‘she’
ama is ‘he’

Cantaireacht is ea sāman
sā is ea ‘ise’
ama is ea ‘eisean’

18
the Chant is the gnat
is the fly
is the elephant

corrmhíol is ea an Chantaireacht
cuileog is ea í
eilifint

19
from the unreal to the real 
darkness to light . . .
death to immortality

ón mbréag ‘dtí an fhírinne
dorchadas go solas . . .
bás go neamhbhásmhaireacht

20
since there is nothing else
but myself
of what am I afraid?

cad a chuirfeadh eagla orm?
níl aon ní ann
lasmuigh díom féin

21
is tú an t-éan gorm dorcha
pearóid na súl dearg . . . 
is tintreach é do leanbh

you are the dark-blue bird
green parrot with red eyes . . .
lightning is your child

22 
he is  Sūrya : the sun
Parjanya: bountiful rain
he is the wind: Vāyu

is é Sūrya é: an ghrian
Parjanya: báisteach na féile
is é an ghaoth é: Vāyu

23
bogann sé, ní bhogann
istigh atá sé . . .
amuigh

it moves, moves not
it is within . . .
without

24
the seer sees not death
nor sickness, nor  distress . . .
only the All

ní fheiceann an saoi an bás
ná tinneas ná buairt . . .
ní fheiceann sé ach an tIomlán

25
he is the world-protector
world-sovereign, lord of all . . . 
my self

cosantóir an domhain
rí na cruinne, tiarna os cionn cách  . . .
mé féin

26
edge of a razor
hard to traverse . . .
so poets declare

faobhar rásúir
deacair a thrasnú . . .
dar leis na filí

27
this earth
honey for all creatures . . . 
all creatures are honey for this earth

an domhan seo
mil do gach neach é  . . .
gach neach ina mhil don domhan seo 

28
these waters
honey for all things . . .
all things are honey for these waters

na huiscí seo
mil do gach aon ní iad . . .
gach ní ina mhil do na huiscí seo

29
this fire 
is honey for all things . . .
all things are honey for this fire

an tine seo 
ina mil do gach aon ní . . .
gach ní ina mhil don tine seo

30
this wind
is honey for all things . . .
all things are honey for this wind

an ghaoth seo
ina mil do gach aon ní . . .
gach ní ina mhil don ghaoth seo

31
this sun
is honey for all things . . .  
all things are honey for this sun

an ghrian seo
ina mil do gach aon ní  . . .
gach ní ina mhil don ghrian seo

32
from earth
from  fire  . . .
divine Speech enters him

ón domhan
ón tine . . .
gabhann Urlabhra dhiaga ann

33
out of the sky
out of the sun . . . 
divine Mind enters him

as an spéir
as an ngrian  . . .
gabhann Aigne dhiaga ann

34
out of water
out of the moon  . . .
divine Breath enters him

as uisce
as an ngealach  . . .
gabhann Anáil dhiaga ann

35
oh, how wonderful
how wonderful, oh
oh, how wonderful!

ó, nach breá é
nach breá é, ó
ó nach breá é!

36
a tree, felled, grows up
new again . . .
from what root grows the slain mortal

an crann a leagtar
fásann as an nua . . .
cén fhréamh atá ag marbhán

37
sun has set and  moon has set
fire gone out . .. .
what light is there

grian is gealach ina luí
tine múchta  . . .
cén léas atá ann

38
go deimhin, ní grá don bhean chéile
a dhéanann muirneach í .  . .
ach grá don Anam

not for love of the wife 
is a wife dear . . . 
but for love of the Soul 

39
not for love of the sons
are sons dear     . . .
but for love of the Soul 

go deimhin, ní grá don chlann mhac
a dhéanann muirneach iad . . .
ach grá don Anam

40
déanfar Aon de, ní fheiceann sé
ní bholaíonn sé
ní bhlaiseann sé

he is becoming One, he does not see
he does not smell
he does not taste

41
déanfar Aon de, ní labhraíonn sé
ní chloiseann sé
ní smaoiníonn sé

he is becoming One, he does not speak
does not hear
does not think

42
these rivers, my dear
towards the east they flow . . . 
westwards they go

na haibhneacha seo, a thaisce
gabhann siad soir . . .
siar a ghabhann

43
ó aigeán go haigéan
is déantar aigéan díobh . . .
as an mBeith dúinne uile

from ocean to ocean
they become ocean itself  . . . .
we all come forth from Being

44
bodiless is the wind
clouds, lightning, thunder . . .
all bodiless

níl colainn ag an ngaoth
gan cholainn iad go léir  . . .
néalta, tintreach, toirneach

45
may my body be vigorous
my tongue  sweet!
may I hear abundantly

go raibh mo cholainn lúfar
mo theanga milis!
mo chluasa géar

46
students of sacred knowledge 
come unto me! 
hail!

an té atá ag foghlaim na gaoise
tagadh sé chugamsa!
fáilte!

47
is mé a bhogann an crann
mar bheann sléibhe
atá mo cháil!

mover of the tree am I
like a mountain’s peak
my fame!

48
a shining treasure am I
wise, immortal . . . 
indestructible

ciste lonrach mé
gaoismhear, neamhbhásmhar  . . .
dochloíte

49
this Soul of mine 
within the heart . . .
greater than the earth

an tAnam seo 
istigh im’ chroí  . . .
is mó é ná an domhan

50
like corn 
mortals ripen and fall . . . l
like corn they come up again.
 
ar nós arbhair
aibíonn daoine is titeann  . . .
ar nós arbhair, tagaid arís

51
all faces are His faces
all heads, His heads . . .
all necks, His necks

gach aghaidh a aghaidh siúd
gach ceann a cheann siúd . . .
gach muineál a mhuineál siúd

52
the gods love
what is mysterious . . .
what is evident they dislike

is geal leis na déithe
an mhistéir  . . . 
ní maith leo an rud follasach

53
a  little space
within the heart . . . 
the heavens and the earth are there!

spás beag
sa chroí istigh  . . .
tá na flaithis agus an domhan ann!


54
many never hear of the Self . . .
many hear
but do not understand

is beag duine a chloiseann faoin bhFéin  . . .
má chloiseann siad
ní thuigeann siad

55
words cannot reveal him 
mind cannot reach him . . . 
eyes see him not

ní nochtann briathra é
ní shroicheann aigne é  . . .
ní fheiceann súile é

56
the one light is he
that gives light to all . . .
he shines, everything shines

eisean an t-aon solas
a shoilsíonn an uile ní . . .
lonraíonn seisean, lonraíonn gach rud

57
everything that moves
breathes, opens, and closes . . .
lives in the Self

gach rud a bhogann
a análaíonn, a osclaíonn, a dhúnann . . .
maireann san Fhéin

58
in the golden city of the heart
dwells the Lord of Love . . . . 
without parts, without stain

i ngairdín órga an chroí
a chónaíonn Tiarna an Ghrá  . . .
gan páirteanna, gan smál

59
water becomes one with water 
fire with fire, air with air . . . 
mind one with Infinite Mind

déantar uisce d’uisce
tine de thine  . . .
Aigne Shíoraí den aigne

60
you are the supreme Brahman, infinite
yet hidden in the hearts
of all creatures

tusa an Neach is Airde, síoraí
ach i bhfolach i gcroí
gach neach

61
the Self reveals himself
to the one 
who longs for the Self

nochtann an Féin é féin 
don té atá ag tnúth
leis an bhFéin

62
in deep meditation 
aspirants may see forms . .. 
like snow or smoke

i mbun dianmhachnaimh dó
d’fhéadfadh machnóir nithe a fheiscint  . ..
sneachta, gal


meditate on him as OM . . .
cross the sea of darkness
at ease

machnaigh air mar OM . . .
cuir an mhuir dhorcha dhíot
gan dua