2022-09-27

Smaoineamh an Lae

Lawrence Jarach Anarchist Bookfair 2006
Cast, CC BY 3.0 , via Wikimedia Commons
Eascraíonn ainrialachas as an mbuntuiscint fhealsúnach gur modh diúltach chun
comhtháthú sóisialta a chruthú  agus a bhuanú is ea cumhacht institiúidithe agus a cur i bhfeidhm. Sainghné an ainrialachais is ea diúltú dearfa do phrionsabal agus do chleachtas an rialtais. Anuas air sin, cuimsíonn an t-ainrialachas critíc radacach ar chur i bhfeidhm an  údaráis agus na cumhachta. De bhrí go gcreideann ainrialaithe gur fearr agus gur féaráilte an bealach chun suaimhneas agus síocháin shóisialta a bhaint amach é an comhoibriu ná an iomaíocht, cuireann ainrialaithe comhoibriú deonach chun cinn, caidreamh cothromaíoch, agus comhar na gcomharsan.

Lawrence Jarach