2016-06-21

Smaoineamh an Lae

Ba mhaith liom a mheabhrú duit gur tógadh an Taj Mahal gan aibhléis, stroighin ná cruach agus gur tógadh gach ardeaglais san Eoraip gan iad. 

Tá daoine den tuairim go gcaithfidh an rud is déanaí a bheith agat chun rud ar bith a dhéanamh agus caithfear an nóisean sin a bhréagnú.


E.F. Schumacher