2016-06-19

A Thiarna, fútsa atá sé

Annamacharya


A Thiarna, fútsa atá sé
smacht a chur ar m’aigne.
Maireann tú ionamsa.

Is geall le heilifint ó smacht í an aigne.
Téann sí as a meabhair ó am go chéile.
Is geall le mearcair í, gan srian,
ag sleamhnú léi.

Maireann tú ionamsa.

 
Is geall le heilit san uaigneas í.
Téir sa tóir uirthi
is rithfidh sí uait.
Mar ghaoth fhiáin is í ag spraoi atá sí.

Maireann tú ionamsa.

Is geall le haigéan í, cuimsíonn an uile ní.
Beidh ortsa aire a thabhairt di, a dhia ar an gcnoc.
Abair léi teacht chugatsa.

Maireann tú ionamsa.