2024-05-24

OPEN LETTER TO ISRAEL

OPEN LETTER TO ISRAEL is an arresting poem by Yahia Lababidi:

Yahia Lababidi, an Egyptian-American thinker and poet, is the author of five books in four genres (amazon.com/author/yahialababidi). Nominated for a Pushcart Prize by World Literature Today magazine, Lababidi has been featured on NPR, Al Jazeera, and in The Guardian, among other places.
Irish transcreation and recording by Gabriel Rosenstock

Litir Oscailte Chuig Iosrael

Yahia Lababidi

 Abair liom, cén cruach a chruaigh do chroíse,
cén eagla a dhein confach thú,
cén fuath a chuir an ruaig ar an trua?
Conas a dhearúdfá
go múnlaítear sinn
de réir mar a throidimid?
Conas d'éirigh leat ar nós cuma liom
faoi staid d'aignese?
Freagrach atáimid as ár naimhde.
Is é is comhbhá ann ná an ról
atá againne nuair a smaoinímid ar a gcruthúsan.
Má phrioctar sinn, nach mbeimid ag cur fola?
Má thugtar nimh dúinn, nach gcaillfear sinn?
Má dhéantar feall orainn, nach mbeidh díoltas uainn?
is geall le comhghuaillithe neamh-chomhfhiosacha iad,
aontaithe sa dorchadas, ina mbac ar an Solas.
Sea, is féidir ár n-anáil a thabhairt ar iasacht do smaointe, ach na hidéil —
An tSíocháin, an Ceart, an tSaoirse — is gá ar saol ar fad a chaitheamh leo,
 agus, iad siúd atá cráite ag na hidéil sin,
ní mór dóibh dul i bpáirt leis an umhlaíocht.
Aisteach, fuath á chumasú ag fuath eile;
is geall le comhghuaillithe neamh-chomhfhiosacha iad,
aontaithe sa dorchadas, ina mbac ar an Solas.
Sea, is féidir ár n-anáil a thabhairt ar iasacht do smaointe, ach na hidéil —
An tSíocháin, an Ceart, an tSaoirse — is gá ar saol ar fad a chaitheamh leo,
agus, iad siúd atá cráite ag na hidéil sin,
 ní mór dóibh dul i bpáirt leis an umhlaíocht.
 D'fhéadfadh an fhírinne agus an coinsias a bheith mar
chuileoga móra trioblóideacha —
scuab i leataobh iad, seo ar ais iad, agus a gcrónán níos glóraí fós,
30,000 anam caillte, dhá dtrian díobh ina mná agus ina leanaí …
ní féidir neamhaird a dhéanamh de na figiúirí damanta sin.
Gan trácht ar nithe nach féidir a thomhas sa tslí chéanna:
an damáiste déanta don chomh-shícé, don mhuinín, don suan.
Bíodh deireadh leis an tromluí. Tabhair ár n-aislingí ar ais dúinn, le do thoil.
Is féidir tosnú as an nua, arís; caithfear.
Cad is gaois ann ach athchuairt ar an tsoineantacht.
          
Transcreation in Irish and recording: GR