2024-05-18

An bhfuil éinne sa chruinne


 
An bhfuil éinne sa chruinne

le Ramakrishna
(1836 - 1886)

 

An bhfuil éinne sa chruinne
i measc neacha neimhe is neacha an domhain
a thuigeann Cailí?
Níl córas ar bith i measc na dtraidisiún uile
in ann cur síos uirthi.
An eisint bhaineann í an Mháthair
nó an mó í ná an Eisint féin?
Nuair a chantar an t-ainm sin a chlaochlaíonn sinn 
OM CAILÍ OM CAILÍ OM CAILÍ
cumasaítear an Tiarna Síve
chun diúltachas an uile dhuine a ól,
Síve ar Eolas tarchéimnitheach é,
rud a chuireann dath dúghorm ar a Scornach.
Gan cosaint uaithi
bheadh a leithéid de nimh marfach,
fiú don Diagacht is airde dá bhfuil ann. 
Níos mó ná an Cruthaitheoir, ná a bhfuil cruthaithe,
Is Cruthaitheacht ghlan í an Mháthair
lastall de nóisean an déachais.
Is spléachadh lúcháireach
óna súile mealltacha iad
an Chruinne agus an Dia-Athair.
Bíonn sí trom le heacstais i gcónaí,
Saolaítear di an Eisint fhollasach
as a Broinn d'Airdeall príomhúil,
á diúl go séimh,
agus is spraíúil mar a itheann sí a leanbh.
Leánn an domhan i bhfaiteadh na súl
nuair a theagmhaíonn lena fiacla bána,
agus tuigtear gile an Fholúis inti ansin.
Lorgaíonn Foirmeacha Diaga éagsúla
a thagann chun cinn i gcaitheamh na staire
tearmann ag a cosa loiteoige.
Faightear Croí na Diagachta, 
Bonn Mór na hEisinte,
ina luí faoi eacstais
faoina Cosa dearga. 
An Bandia, díreach, í an Mháthair?
An bhfuil gá aici le céile fireann
chun í a chosaint nó a iomlánú? 
Umhlaíonn timthriall na breithe agus an bháis
go hómósach roimpi.
An lomnocht atá sí
nó an í an Fhírinne Lom í?
Níl caille in ann í a cheilt.
Sléachtann a gile nocht gach deamhan
ní le harm ach le niamhracht.
Más gnáthbhean chéile í an Mháthair
Cén fáth a bhfuil sí ag damhsa go fíochmhar
ar bhrollach Shíve?
Loiteann a spraoi buan
coinbhinsiúin agus coincheapa.
Glaineacht phríomhúil í.
Is glaineacht iad a cuid leannán faoi eacstais.
Leánn íonghlaineacht san íonghlaineacht
go dtí nach mbíonn aon ní fágtha. 
Ar meisce ar fad atáim
ag a cuid fíona de lúcháir bhuan.
Is é atá sa chorn fíona ná a hAinm
OM CAILÍ OM CAILÍ OM CAILÍ.
Ceapann daoine a ólann gnáthfhíon
gur duine acu féin mé. 

Ní hé gach éinne a bhuailfidh 
leis an dorchadas lonrach
ar a dtugtar an Bandia Cailí.
Níl gach éinne in ann
 glacadh go comhfhiosach
le ciste síoraí a Nádúir.
Níl an aigne bhaoth
in ann í a aithint, ná glacadh leis
nach bhfuil aon ní eile ann ach í.
An neach ba shoilsithe riamh
an tiarna uasal Síve,
ar éigean má tá sé in ann spléachadh
a fháil ar a Cosa craoraga drithleacha.
Maoin impirí an domhain
agus saibhreas Phárthais
is bochtaineacht ainnis iad
don té a mhachnaíonn uirthi.
Snámh a dhéanamh in aon Spléachadh amháin
ó na trí Súile Cosmacha aici
nó bheith sáite báite
in aigéan eacstaise.
Níl Síve féin, prionsa na n-iógaí,
in ann díriú ar a gliogram cos
gan a bheith faoi dhraíocht aici.
Mar sin féin, is mian leis an leannán gan mhaith
a chanann an laoi bhuile seo
is mian leis a bheith aontaithe go comhfhiosach léi
le linn do a bheith ina dhúiseacht, ag taibhreamh, 
agus faoi shuan.





 Great Swan: Meetings with Ramakrishna by Lex Hixon