2024-05-02

Bás ár n-iníne, Éabha



Ba gheall le míle fómhar
i ndiaidh a chéile é
agus duilleoga
ag scaradh lena ngéaga.
Dothuigthe.

Imíonn na seachtainí
na míonna,
na blianta.
Chuas ag lorg na nduilleog
Ní rabhadar ann.