2023-02-27

Púcaí Schmúcaí

Agallamh eisiach leis an údar, Gabriel Rosenstock




Ceist: Tá an-chur amach agat ar phúcaí, is cosúil?

Freagra: Gan amhras, tá. Tá PhD agam, dochtúireacht sa phúceolaíocht.

Ceist: Dáiríre?

Freagra: Dáiríre PHíre!

Ceist: Cén saghas focail é 'púca' sa chéad áit?

Freagra: Tá gaol aige leis an bhfocal Gréigise 'psyche'.

Ceist: Tá Gréigis agat, an bhfuil?

Freagra:

μόνος στο δάσος
ο ήχος ενός φύλλου
στο καπέλο μου


Aistriúchán Gréigise ar haiku is ea é sin. An maith leat é?

Ceist: Níl a fhios agam. Ní thuigim é. Cad is brí leis?

Freagra:

ar strae i gcoillte
níl le cloisteáil ach duilleog
ag titim ar mo hata



Ceist: An-deas. An tú féin a scríobh?

Freagra: Ní mé. Níl hata agam. File darbh ainm Tagami Kikusha a chum. Bhí sí go diail.

Ceist: An é Púcaí Schmúcaí an t-aon leabhar atá scríofa agat ar an ábhar seo?

Freagra: Dhera, ní hea in aon chor. Is saineolaí mé chomh maith ar phúca an-ait ar a dtugtar an splúca:

Bím ag seilg an splúca i gCo Mhaigh Eo.

Ceist: Cén fáth?

Freagra: Cén fáth a mbím á sheilg? Is i gCo Mhaigh Eo is mó a fhaightear an splúca; n'fheadar canathaobh. Tá Cathair na Mart ag cur thar maoil le splúcaí. Cloisim go bhfuil siad ar tí leathadh amach agus scaipeadh ar fud Slí an Atlantaigh Fhiáin go léir, nó Slí Fhiáin an Atlantaigh - nó pé ainm a thugtar ar an gconair aisteach sin - agus turasóirí a ionsaí.

Ceist: Cén fáth a n-ionsódh na splúcaí turasóirí?

Freagra: Níl aon leigheas acu air. Cuireann boladh an turasóra isteach orthu, go háirithe boladh na Meiriceánach.

Ceist: Dia ár sábháil . . . Éinne a léann an leabhar Púcaí Schmúcaí, beidh cosaint aige ar an bpúca - agus ar an splúca - an fíor sin?

Freagra: Is fíor. Beidh an-chosaint aige orthu. Tá treoracha cruinne tugtha agam sa leabhar sin conas an ruaig a chur ar phúcaí. Oibríonn sé agus tá foilsitheoirí an leabhair Futa Fata tar éis a rá liom go dtabharfaidh siad a gcuid airgid ar ais do chustaiméirí mura n-oibríonn sé.
Tá leigheas san fhilíocht, an dtuigeann tú.

Ceist: Leigheas?

Freagra: Leigheas, sea.Tuigeadh é sin i bhfad siar. Tá draíocht san fhilíocht. Bhí filí na hÉireann fadó, bhí siad in ann dánta draíochta a bhreacadh síos ar phár, an bhileog a chaitheamh san abhainn agus breith ar iasc sa tslí sin.
 

Dániascaireacht! Ealaín nach bhfuil ag mórán filí inniu, is baolach. Má tá tú in ann breith ar iasc le dán, cén fáth nach mbeifeá in ann an ruaig a chur ar phúca le dán? Sa dráma As You Like It le Shakespeare, luann Rosalind an chumhacht a bhí ag filí na hÉireann: bhí ar a gcumas francaigh a mharú le rím. Filí an lae inniu, ní mharóidís cuileog!

Ceist: Is dócha go bhfuil an ceart agat. An bhfuil aon chomhairle eile agat dúinn maidir le púcaí a smachtú, a ruaigeadh nó a dhíbirt?

Freagra: Oibríonn an dán atá sa leabhar Púcaí Schmúcaí, dán an teidil - oibríonn sé de ghnáth. Má tá an leabhar sin agat, ní gá dhuit aon eagla a bheith ort mar ní dán é dáiríre ach 'ortha'. Bhí orthaí go leor ann sa seansaol. Ortha na Dofheictheachta, cuir i gcás.
 

Mar shampla, má tá ortha na dofheiceachta ar eolas ag páiste, ní gá dó ach an ortha a rá agus ní fheicfidh an múinteoir é!

Ceist: Tá tú ag magadh fúm!

Freagra: Nílim mhuise ná an diabhal é . . . Eadrainn féin. Bhíos sa tóir ar splúca an samhradh seo caite i gCaisleán an Bharraigh agus is mór an trua nach rabhas in ann smaoineamh ar Ortha na Dofheiceachta an uair úd mar bhíos i sáinn! Bhí splúca os mo chomhair amach, deich slat uaim nó mar sin, agus bhí drochfhuadar faoi. Tá an leaid seo ag lorg trioblóide, arsa mise liom féin.
 

D'aithris mé an dán Púcaí Schmúcaí, chaitheas seile ar mo dhearna, thumas mo lúidín sa tseile agus shás mo lúidín tais ansin im' chluas chlé; searmanas beag réamhullmhúcháin a dhéanann sealgairí splúcaí. D'aithris mé Púcaí Schmúcaí os ard agus an chéad rud eile, thosaigh mo bhuachaill ag crith ar nós glóthaí. Ar m'anam! 

Tháinig sconna buinní air ansin agus thosaigh sé ag geonaíl - ach ní raibh aon trua agamsa dó - cé go rabh stuif glas ag teacht amach as a bhéal, a shrón, a chluasa agus as áiteanna eile.

Ceist: Dia linn!

Freagra: Ní haon dóithín é an splúca! Ar chuma éigin, tháinig sé chuige féin arís. Bhí crith cos agus lámh orm féin ansin, mise á rá leat, agus mheasas go raibh deireadh liom, mo phort seinnte, mo chosa nite agus mar sin de. Dheineas an haiku thuas de chuid Kikusha a aithris ansin, as Gréigis, as Seapáinis agus ansin as Gaeilge . . . agus an bhfuil a fhios agat cad a tharla?

Ceist: Abair!

Freagra: Phléasc sé! Phléasc an splúca. Bhí glóthach ghlas bhréan ar fud Chaisleán an Bharraigh ar feadh seachtaine.
 

Mheas an Teachta Dála áitiúil Mícheál Ó Rinn gur faoi ionsaí a bhí an baile ó fhórsaí aineoil. Naimhde Biden, seans?

Ceist: Táimid an-bhuíoch díot as do do shaineolas ar fad a roinnt linn inniu.

Freagra: Is é mo jabsa é - agus mo dhualgas - agus ní ghlacfaidh mé sos go dtí go mbeidh púcaí is splúcaí uile na hÉireann ruaigthe as an tír agam agus go dtuga Naomh Pádraig, fear ruaigthe na nathracha, go dtuga sé misneach agus fortacht dom.




Púcaí Schmúcaí agus dánta eile - Réamhordú (1 Márta 2023)