2023-10-11

An Captaen Toby

       Josef Matthias Aigner ( 1818 - 1886)


Bhí Uncail Toby ina chaptaen tráth
Ar arm an-speisialta:
Arm ab ea é a chuirfeadh deireadh go deo
Le gach saghas airm rialta.

Thraenáil Toby ar feadh bliain is lá
I bhforaoisí Chósta Ríce
Tír nach bhfuil arm ar bith aici
Agus ní bheidh arís choíche.

Sílim gur thuill sé an Duais Nobel
An Duais ar son na Síochána
Ach is amhlaidh a bhí daoine ag magadh faoi
Ag spochadh as is ag gáire.

‘Bhuel,’ arsa Toby, nuair a d’éirigh sé as,
‘Ní féidir ach do dhícheall a dhéanamh.
Troidfidh mé feasta le cinntiú go mbeidh
An neodracht i réim in Éirinn!’