2023-10-09

An Múinteoir Gaeilge a bhí ag Uncail Toby


             Dr. Karl Schwarz (1916)
           Lovis Corinth ( 1858-1925)



Bhí múinteoir Gaeilge ag Toby
Corcaíoch croiméalach – Ó Tuama!
Fear deas, fear lách de réir dealraimh,
Agus duine staidéartha stuama.

Rugadh ár gcara an Tuamach
Cois bhruacha glasa na Laoi
Agus meas ag cách ar a thuairim 
I dtaobh fhilí móra Chorcaí.

Arsa an Tuamach lá leis na daltaí,
‘Níl againn ach fíorfhile amháin!
Tabharfaidh mé leid daoibh, a dhaltaí,
An t-ainm baiste a bhí air ná Seán.’

‘Níl a fhios againn!’ arsa na daltaí,
‘Níl tuairim againn,’ ar siad go léir.
‘Níl a fhios agaibh!?’ arsa an múinteoir,
Ar siadsan, ‘Tuairim faoin spéir!’

 D’fhéach an Tuamach ansin ar ár dToby,
‘’Bhfuil a fhios agatsa, a amadáin?’
‘Ó, go deimhin, tá,’ arsa m’uncail,
‘Cé eile ach Seán Ó Direáin!