2024-01-21

Ichabod Crane agus an Marcach gan Cheann

John Quidor 


 "Fóir orm! Fóir!"

Ar a chapall Púdar Gunna
Tá Ichabod Crane ar a theitheadh,
Ar a theitheadh ón Marcach gan Cheann
Ar a theitheadh ó scáil na sceiche.

        "Fóir orm! Fóir!"

Cloiseann sé sciatháin leathair
Cloiseann sé ulchabháin,
Gríosaíonn sé Púdar Gunna -
Tréan-iarracht eile amháin.

       "Fóir orm! Fóir!"


Ansin, cad a dhéanann an Marcach
Ach a cheann a chaitheamh le Crane!
Leagtar Crane bocht dá chapall
Agus sin agaibh críoch an scéil.