2024-01-07

Oisín

           Johann Peter Krafft



'Cad a sheinnfidh mé dhuit?'
arsa an file, Oisín,
le Plúr na mBan -
b'in ab ainm dá iníon.

'Aon rud a sheinnfeá, 
a athair dhil,
Tá mé cinnte
go mbeadh sé go sárbhinn.'

'An seinnfidh mé amhrán
duitse, a iníon
Faoin gcuach a bhí tráth
i nGleann Neifín?'

'Aon rud a sheinnfeá, 
a athair dhil
Tá mé cinnte
go mbeadh sé go sárbhinn.'

'Nó an seinnfidh mé amhrán
duitse, a iníon,
Faoi do mháthairse Niamh
a leanas-sa thar toinn?'

'Aon rud a sheinnfeá, 
a athair dhil
Tá mé cinnte
go mbeadh sé go sárbhinn.'

Sheinn sé an t-amhrán
a bhí cumtha aige do Niamh:
An t-amhrán ab áille
a chum Oisín mac Fhinn.