2018-12-15

Leonor Rangel-Ribeiro / Um Dia Ele Virá

Tiocfaidh Sé Lá Éigin


Ná caoin
Munar léir duit fáth na ndeor.
Bain as d'anam gach seachmall
Is fan, mar a fhanann an crann acaicia,
A ghéaga loma á n-ardú aige chun na bhflaitheas.

Tiocfaidh sé lá éigin
Agus cuirfidh grian a láithreachta
Do chroíse faoi bhláth,
Á ghléasadh i ndathanna spleodracha
Ar nós an acaicia sa samhradh


Leonor Rangel-Ribeiro

[Porvorim, 19 Bealtaine, 1.30.am]