2018-11-15

Haiku le Issa ón mbliain 1804

Sa bhliain 1804
  • rugadh James Bronterre O’Brien, Cairteach
  • Rugadh Eliza Roxy Snow, file Mormannach
  • Rugadh Sean-Johann Strauss, cumadóir:
  • Rugadh an péintéir Éireannach Andrew Nicholl.
  • Rugadh Elizabeth Peabody, gníomhaí Tarchéimnitheach
  • Rugadh George Sand, scríbhneoir Francach
  • Rugadh Nathaniel Hawthorne, scríbhneoir Meiriceánach
  • Rugadh Eduard Mörike, file Gearmánach
  • Rugadh Chō Kōran, file agus péintéir.
  • Cailleadh Immanuel Kant, fealsamh Gearmánach
  • Cailleadh an file Tomás Ó Míocháin
  • Agus sa bhliain 1804 chum Issa an haiku seo:

sula n-imíonn an ghé
stánann sí
idir an dá shúil orm

 .立雁のぢろぢろみるや人の顔

tachi kari no jiro-jiro miru ya hito no kao